Mark 11:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeach don teampoll Díosa, do thionnsgain sé an dream do bhí ag reic agus ag ceannach ann sa teampoll, da chur a mach agus do theilg sé air lár buird luchd malarta an airgid, agus caithireacha luchd reaca na gcolum;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thángadar go h‐Iarúsalem: agus do chuaidh sé isteach sa teampall, agus do thosnuigh sé ar an dream do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall do thiomáin amach as, agus do leag sé ar lár búird luchta an airgid do mhalairt, agus suidheacháin luchta na gcolm do dhíol;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig siad go hlarúsailéim. Agus chuaigh sé isteach sa teampall agus thosaigh sé ar thiomáint amach an dream a bhíodh ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus thiontaigh sé táblaí na malartóirí airgid bun os cionn agus suíocháin lucht díolta na gcolm;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig siad ansin go Iarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig siad ansin go hIarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol;