Mark 11:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní fhuilngeadh sé go niomchoradh duine ar bith soightheach thríd an teampoll.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ní leigfeadh sé d’aon duine soitheach d’iomchur tríd an teampall.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ní ligfeadh sé dʼaon duine ualach a iompar tríd an teampall.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ná ní cheadódh sé d' aon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ná ní cheadódh sé dʼaon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall.