Mark 11:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh don bhaile úd thall as bhur gcomhair, agus mar ráchtáoi a sdeach ann, do gheubhtháoi searrach ceanguilte, ar nár shuidh éunduine ríamh; sgáoilidh é, agus tabhruidh libh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Téighidh go dtí an baile beag úd thall os bhúr gcómhair: agus nuair rachas sibh isteach ann, do‐geobhaidh sibh ceangailte ann searrach nár shuidh aon duine riamh air; scaoilidh é, agus tabhraidh libh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa bhaile beag úd atá os bhur gcoinne, agus go díreach nuair a théas sibh isteach gheobhaidh sibh bromach ceangailte, nár shuigh fear air riamh; scaoiligí é agus tugaigí anseo é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt sé leo: «Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é.