Mark 11:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an tslíabh so, Togthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairrge thú; agus nách bía cunntabháirt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé chum críche; teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine adéarfas leis an sliabh so, Tógtar thú, agus caithtear thú sa bhfairrge, gan aon amhras do bheith ’n‐a chroidhe aige, acht go gcreideann sé go dtiocfaidh an nidh adeir sé chum críche; béidh sé aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
I bhfírinne, deirim libh, cibé a deir leis an sliabh seo, ‘Tógtar thú agus caitear isteach san fharraige thú,’ gan amhras ina chroí, agus é ag creidiúint go dtiocfaidh an ní a deir sé i gcrích, déanfar dó é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: 'Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige' agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh sa bhfarraige’ agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó.