Mark 11:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar bhreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafróchaidh misi éin ní a mháin díbhsi, agus tabhruidh freagra oram, agus innéosaidh mé dhíbh cía an tughdarás lé a ndéunuim na neithe so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leo, Cuirfead‐sa ceist amháin oraibh, agus tabhraidh freagra orm, agus inneosfad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Íosa leo, “Cuirfidh mise ceist oraibh; agus tugaigí freagra orm, agus inseoidh mé daoibh ansin cad é an t‑údar atá agam go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibh; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh: