Mark 11:33 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra dhóibhsion a dubhradar re Híosa, Ní bhfuil a fhios againn. Agus ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé riú, Ní mó innéosus misi dhibhsi cía an tughdarrás lé a ndéunaim na neithe so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar, Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt Íosa leo, Ní mó inneósad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughoarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é an freagra mar sin a thug siad ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus ba é a dúirt Íosa leo, “Níl, agus ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údar atá agam leis na nithe seo a dhéanamh atá á ndéanamh agam.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus is é freagra a thug siad ar Íosa: «Níl a fhios againn.» Agus dúirt Íosa leo: «Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread, cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach a oiread, cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”