Mark 12:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thionnsgain sé labhairt ríu a gcosamhlachdaibh. Ag rádh, Do chuir duine áirighthe fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochuil sé ionad brúighte an fhióna, agus do thóg sé tor, agus tug sé ar chiós do sgológaibh í, agus do chúaidh sé féin a goigcrích.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thosnuigh sé ar labhairt leo i samhlaoidibh. Do chuir duine áirithe fíon‐ghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do rinne sé clais ann le h‐aghaidh daibhche an fhíona, agus do thóg se túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thosaigh sé ar labhairt leo i bhfáithscéalta. “Fear a bhí ag cur fíonghoirt, agus thóg sé fál ina thimpeall, agus thochail sé an poll le haghaidh cantaoir an fhíona, agus thóg sé túr, agus lig sé amach ar chíos do thionóntaí é, agus thug sé an choigrích air féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus na Curadóirí Mallaithe
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíon-ghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch.