Mark 12:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan tháinic síad, á dubhradar ris, A Mhaighisdir, a tá a fhios aguinne go bhfuil tusa firinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonduine: óir ní fhéuchann tú ar phearsuinn na ndáoine, achd múinidh tú slighe Dé do réir ná fírinne: An ceaduigheach cíos do thabhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair thángadar, adubhradar leis, A Mháighistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus nach bhfuil beann agat ar aoinneach: óir is cuma leat pearsa aon duine, acht múineann tú slighe Dé de réir na fírinne. An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig siad agus dúirt siad leis, “A Oide, is feasach dúinn gur fírinneach tú, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoi chéimíocht dhaonna, agus tugann tú teagasc fíor uait faoi shlí Dé. An ndlitear nó nach ndlitear cíos a íoc le Caesar?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Caesar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”