Mark 12:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An dtiubhrum, no nach dtiubhrum? Agus ar naithne a cceilge dhósan, a dubhairt sé riú, Créd fá ccurtháoi cathughadh oram? Tabhruidh chugam pighinn, dá féuchain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An ceart é nó nach ceart dúinn a íoc?” Ach dʼaithin sé a gcuid fimínteachta agus dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mʼfhéachaint mar sin? Tabhair bonn airgid chugam, agus lig dom amharc air.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: «Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.”