Mark 12:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhuinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair dhuine ar bith bás, agus do bhfúigfeadh sé a bhean, agus nach bhfuigfeadh sé clann, a dhearbhráthair do ghabháíl a mhná súd chuige, do thógbháíl sleachda dhá dhearbhráthair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus dá bhfágadh sé bean ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfágfadh sé clann, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“A Oide, is é a scríobh Maois dúinn más rud é go bhfaigheann duine bás agus go bhfágann sé bean ina dhiaidh, agus gan clann eatarthu, go gcaithfidh a dheartháirsean a bheansan a phósadh le clann a thógáil dá dheartháir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A Mháistir,» ar siad, «scríobh Maois dúinn: 'Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’