Mark 12:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an tan éiréochuidh síad ó mharbhuibh, ní thabhruid fir mná, agus no tabharthar mná dfearuibh; achd a táid mar na hainglibh a tá ar neamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, nuair éireochas siad ó na marbhaibh, ní bhéidh daoine ag pósadh ná ag tabhairt le pósadh; acht bhéidh siad mar na h‐aingil ins na flaitheasaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an dream a éiríos ó na mairbh ní bhíonn cleamhnas ná pósadh acu, agus iad mar na haingil i bhflaitheas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bheidh fir ag pósadh ná mná dá dtabhairt le pósadh, ach beidh siad ar nós aingil Dé ar Neamh.