Mark 12:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dtimcheall na marbh, go néireochuid síad arís: an né nár léughabhair a leabhar Mháoisi, cionnas do labhair Día ris ann sa sceich, ag rádh, Is mísi Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iacob?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad; nár léigheabhar i leabhar Mhaoise, mar a dtráchtar ar an sceich, cionnas do labhair Dia leis, ’g‐a rádh, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus i dtaobh aiséirí na marbh, nach bhfuil léite agaibh i leabhar Mhaois, san alt sin faoin tom, faoin ní a dúirt Dia leis, ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: 'Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacób.’