Mark 12:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a ghrádhughadh as a gcroidhe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbrígh uile, agus an chomharsa do ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile íodhbartha agus ofráil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus a ghrádhadh ó’n gcroidhe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an chómharsa do ghrádhadh mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íodhbartha dóighte agus na h‐ofrála go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus is fearr go mór grá an chroí uile, agus na tuisceana uile, agus an chumais uile a thabhairt dó, agus grá a thabhairt don chomharsa mar a thabharfá duit féin, is fearr go mór sin ná íobairtí iomlána loiscthe agus ofrálacha.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”