Mark 12:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chonnairc Iósa gur thuigseach do fhreagair sé, a dubhairt sé ris, Ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus níor lamh éinneach ó sin súas ceisd do chur air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, adubhairt sé leis, Ní fhuilir‐se i bhfad ó ríoghacht Dé. Agus níor lámh aon duine ceist do chur air as sin amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a dʼaithin Íosa gliceas a fhreagra, dúirt sé leis, “Níl tú i bhfad ó ríocht Dé.” Agus ina dhiaidh sin ní raibh de dhánacht ag aon duine ceist ar bith a chur air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: «Ní fada thú ó ríocht Dé.» Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.