Mark 12:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch shluigeas tighe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag úrnuighe: do gheubhuid so an breitheamhnus is truime.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; do‐gheobhaid‐sean an breitheamhnas is truime.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
an dream a shlogas teaghlaigh bhaintreach ina gcraos agus ar leithscéal leo a síorphaidreoireacht. Is amhlaidh is mó a dhaorfar iad.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
iad-san na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”