Mark 12:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a rís do chuir sé neach eile chuca; agus do mharbhadar an fearsin, agus mórán eile; ag buáladh coda aca, agus ag marbhadh coda eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir sé duine eile chuca; agus do mharbhadar é: agus a lán eile; do ghabhadar ar chuid aca, agus do mharbhadar cuid eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir sé duine eile chucu, agus rinne siad a mharú; agus thug siad an íde chéanna do mhórán eile, agus cuid á mbualadh agus cuid á marú acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile.