Mark 12:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbreith air, do mharbhadar é, agus do theilgeadar as an bhfíneamhain a mach é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do rugadar air, agus do mharbhadar é, agus do chaitheadar as an bhfíon‐ghort amach é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus rug siad air agus mharaigh siad é, agus chaith siad amach as an bhfíonghort é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíonghort é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíon-ghort é.