Mark 13:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan bhéuruid síad a láimh, agus thabhrid súas sibh, na biodh na rochás oruibh roimhe láímh créd a déurtháoi, agus ná smúainidh air: achd gidh bé ní do bhéarthar ar a núairsin díbh, abruidh é: oír ní sibhsi labhrus, achd an Spiorad Náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair bhéas siad ’g‐bhúr dtabhairt chum daortha, agus nuair thiubhras siad ar láimh sibh, ná cuireadh sé imnidhe oraibh roimh ré créad adéarfas sibh: acht an nidh do‐bhéarthar daoibh ’n‐a am féin, abraidh é: óir ní sibh‐se labhras, acht an Spiorad Naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a thabharfar os comhair cúirte sibh agus nuair a thabharfar suas sibh, ná bíodh imní oraibh roimh ré faoi cad é a déarfas sibh; ach abraigí cibé a thabharfar daoibh san am úd, mar ní sibh féin a labhrós, ach an Spiorad Naomh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibh-se a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.