Mark 13:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tan do chífidhe adhfhuathmhuireachd an léirsgris, air ar labhair Daniel an fáidh, na sheasamh ann sa nionad nár chóir, (tuigeadh an té léaghas,) ann sin teitheadh a mbíaidh a ttír Iúdaighe fá na sléibhtibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ach nuair a fheiceas sibh dia-aithis léirscriostach ina seasamh in ionad nár chóir dó (bíodh tuiscint ag an léitheoir), teitheadh an méid agaibh atá i nlúdaea rompu go dtí na sléibhte;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Nuair a fheicfidh sibh ' urghráin úd an lomscriosta' agus é ina sheasamh san áit nach dual tuigeadh an té a léann ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual–tuigeadh an té a léann–ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;