Mark 13:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír éiréochuid Críosdanna fallsa agus faidhe fallsa, agus do dhéunuid comharthuidhe agus míormhuile, do mhealladh, na ndáoine toghtha féin, dá madh éidir é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir éireochaidh Críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cómharthaí agus iongantais, d’fhonn na fíréin féin do mhealladh, dá mb’ fhéidir é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus beidh comharthaí agus iontais le taispeáint acu, a bhainfidh mealladh as na fíréin féin—dá mbʼfhéidir sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mbʼfhéidir.