Mark 13:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ann sin do chifid síad Mac an duine ag teachd ann sna néulluibh maille ré cumhachdaibh móra agus ré glóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus annsin do‐chifid Mac an Duine ag teacht ins na scamallaibh le cumhacht mhóir agus le glóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe i gcumhacht agus i mórghlóir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mór-chumhacht agus glóir.