Mark 13:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus cuirfidh sé a aingil an tansin, agus cruinnéochuidh sé a dháoine toghtha fein ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal na talmhan go leithimeal neimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus annsin cuirfidh sé a aingil amach, agus cruinneochaidh sé a fhíréin ó na ceithre gaothaibh, ó fhír‐imeall an domhain go fír‐imeall neimhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuirfidh sé na haingil amach ansin, agus cruinneoidh sé a fhíréin ó cheithre aird na gaoithe, ó choirnéil an talaimh go cinn na spéartha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre ghaoth, ó imill na talún go himill Neimhe.