Mark 13:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Amhail duine ag dul a gcoigcrích, dfág a thigh, agus tug cumhachda dhá shearbhfhóghantuibh, agus a obair féin do gach áonduine, agus do aithín dá dhoirséoir faire do dhéanamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is cosúil é le fear atá ag dul ar aistear, nuair a fhágann sé an baile agus cuireann sé cúram an tí ar a sheirbhísigh, agus bíonn a shaothar féin ag gach duine acu, agus ordaíonn sé don doirseoir bheith ar a choimeád.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é dála duine é a d' fhág a theach agus a d' imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t-údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d' ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é dála duine é a dʼfhág a theach agus a dʼimigh ar an gcoigríoch; thug sé an t-údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus dʼordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh.