Mark 13:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd tabhruidhsi bhur naire ribh féin: óir béuruid síad sibh a láthair coimhthionól; sgiúrsfuidhear sna sinagogibh sibh: agus béarthar sibh a bhfíadhnuisi úachdaran agus ríogh ar mo shonsa mar fhíadhnuisi dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht tabhraidh‐se aire dhaoibh féin: óir do‐bhéarthar sibh i bhfiadhnaise na gcómhairle; agus sciúrsálfar sibh i sionagógaibh; agus seasfaidh sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ach seachnaígí sibh féin; mar tabharfar suas do chomhairlí sibh; agus sciúrsálfar sibh i sionagóga; agus seasfaidh sibh os coinne na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liom, go dtuga sibh fianaise os a gcomhair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall orm-sa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.