Mark 14:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a gcionn dá lá na dhiáigh sin do bhí an cháisg, agus sollamuin a naráin gan laibhín ann: agus díarradar uachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe cionnas do bhéuraidís a bfeill airsean, do chum a mharbhtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí sé dhá lá roimh an gCáisc agus roimh fhéile an Aráin gan Laibhín. Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh é a ghabháil os íseal agus a chur chun báis;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)