Mark 14:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na chluinsin sin dóibhsean, do ghabh gáirdeachus íad, agus do ghealladar go dtiobhraidís airgead dó. Agus do íarr seision am iomchubhaidh ar a bhrath dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do‐chualadar‐san é, dó bhí áthas ortha, agus do ghealladar go dtiubhraidis airgead dó. Agus do bhí seisean ag iarraidh deis d’fhágháil ar a thabhairt ar láimh dhóibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuala siad faoi bhí lúcháir orthu, agus gheall siad airgead a thabhairt dó. Agus bhí sé ag faire na faille lena bhrath.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' airigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a dʼairigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh.