Mark 14:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuir sé días dá dheiscioblaibh, agus a dubhairt sé riú, Imthighidh don chathraigh, agus téigeamhaidh neach oraibh ag iomchar soithigh uisge: leanaidh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh, agus adubhairt sé leo, Téighidh isteach sa gcathair, agus casfar oraibh annsin fear agus soitheach uisce ar iomchur aige: leanaidh eisean;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa chathair, agus casfar oraibh fear agus é ag iompar searróg uisce; leanaigí é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: «Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige dá bhreith leis.