Mark 14:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus taisbéanuidh seision dhíbh séomra árd fairsing deaghmhaiseach ullumh: ullmhuighidh é dhúinn ann sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus taisbeánfaidh sé féin daoibh seomra mór uachtarach, agus é i gcaoi agus i gcóir: ullmhuighidh dhúinn annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór i n‑uachtar an tí agus é feistithe faoi réir; ullmhaigí dúinn ansin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.”