Mark 14:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith dhó a Mbetánia, a dtigh Shimóin an lobhair, ar suidhe dhó ar an mbord, táinic bean agá raibh bocsa ola, do spícnárd mhórlúaighe; agus ar mbriseadh an bhocsa dhi, do dhóirt sí ar a chéann é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí sé i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhair, ’n‐a shuidhe ag an mbórd, tháinig bean ag a raibh crúsca alabastair d’uinneimeint spíocnáird an‐luachmhair; agus do bhris sí an crúsca, agus do dhoirt sí a raibh ann ar a cheann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí sé i mBétáin i dteach Shíomóin an Lobhar, agus é ina shuí ag bord bia ann, tháinig an bhean chuige agus soitheach alabastair aici den nard ba ghlaine, agus bhris sí an soitheach gur dhoirt an uinnimint ar a cheann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d' ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair dʼola naird dhílis mhórluachaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann.