Mark 14:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, A niugh, ann sa noidhche nochd féin, ní is táosga ná ghoirfeas an coileach fá dhó, go séanfa tú mé trí húaire.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, an lá indiu, anocht féin, sara nglaodhfaidh an coileach an dara h‐uair, go séanfair mé fá thrí.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Íosa leis, “Deirim go fírinneach leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt Íosa leis: «Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.”