Mark 14:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tháinic sé, agus fúair sé índsan na gcodladh, agus a dubhairt sé ré Peadar, A Shimóin, an bhfuil tú ad chódladh? an né nar bhéidir leachd faire éan úaire do dhénnamh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tháinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, A Shíomóin, an id’ chodhladh atáir‐se? An amhlaidh nár fhéadais faire aon uaire amháin do dhéanamh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig sé agus fuair ina suan iad, agus dúirt sé le Peadar, “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire amháin a dhéanamh?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: «A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh?