Mark 14:41 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic sé an treas úair, agus a dubhairt sé riú, Codluidh a nois, agus coimhnuighidh: is lór sin, thainic an úair; féuch, do bheirthear Mac an duine a lámhuibh na bpeacthach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig sé an treas uair, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh suaimhneas: is leor é; atá an uair tagtha; féach, atá Mac an Duine d’á thabhairt ar láimh do na peacachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig sé an tríú huair, agus ar seisean leo, “An in bhur gcodladh atá sibh ag ligean bhur scíste? Is leor sin; tháinig an uair; tugadh Mac an duine i lámha lucht an oilc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: «Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t-am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t-am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.