Mark 14:45 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd dhó, do chúaidh sé air ball chuigesin, agus a dubhairt sé, Día do bheatha a mhaighsidir; agus tug sé póg dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig sé, ar an láthair do chuaidh sé chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir; agus thug sé póg dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a tháinig sé, ní dhearna sé moill ag druidim leis, agus é á rá, “A Mháistir!” Agus thug sé an phóg dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; «A Raibí,» ar seisean leis, agus phóg sé é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é.