Mark 14:53 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus rugadar Iósa léo chum an árdshagairt: agus do chruinnigheadar ann sin úachdaráin na sagart uile agus na sinnsir agus na sgriobuidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thugadar Íosa leo chum an árd‐shagairt: agus do chruinnigh i n‐éinfheacht leis uachtaráin na sagart go léir, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sheol siad Íosa leo go dtí an t-ardsagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sheol siad Íosa leo go dtí an t-ard-sagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd.