Mark 14:54 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do lean Peadar é i bhfad uaidh, nó go raibh sé istigh i gcúirt an árd‐shagairt; agus do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair na n‐oifigeach, ’g‐á ghoradh féin cois na teineadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí Peadar i ndiaidh é a leanúint agus dʼfhan sé amach uaidh, gur tháinig siad isteach in urlann an ardsagairt; agus bhí Peadar ina shuí i measc na ngardaí, á ghoradh féin ag an tine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é á théamh féin leis an tine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é dá théamh féin leis an tine.