Mark 14:61 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thoch seision, agus níor fhreagair sé én ní. Do fhíafruigh an tárdsagart de a rís, agus a dubhairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Bheannuighthe?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dʼfhan sé ina thost gan freagra a thabhairt air. Ba ansin a dʼfhiafraigh an t‑ardsagart de an dara huair, “An tú an Críost, an tú Mac an té atá beannaithe?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach d' fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t-ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: «An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dʼfhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t-ard-sagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”