Mark 14:65 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thionnsgnadar dream áirighe gabháil do sheilidhibh air, agus a aghaidh dfolach, agus dórna do bhúaladh air, agus a rádh ris, Déana fáidheadóireachd: agus do ghabhadar na seirbhísigh do bhasuibh air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thosnuigh cuid aca ar sheilí do chaitheamh air, agus ar a aghaidh d’fholach, agus ar a bhualadh le dornaibh, agus iad ’g‐a rádh, Déan fáidheadóireacht: agus do ghabh na h‐oifigigh é agus iad ag gabháil de bhuillibh baise air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thosaigh cuid acu ar chaitheamh seile air, agus chuir siad dallóg air, agus chuaigh á bhualadh, agus á rá leis, “Déan fáidheadóireacht!” Agus bhuail na gardaí é nuair a ghlac siad leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: «Bí ag tairngreacht!» Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.