Mark 14:67 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin Pheadair dá ghoradh dhi, tug sí dha haire é, agus a dubhairt si, Do bhí tusa fós a bhfochair Iósa Nasardha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nuair do chonnaic sí Peadar ’g‐a ghoradh féin, do dhearc sí air, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa Nasardha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chonaic sí Peadar á ghoradh féin, agus dʼamharc sí air agus dúirt sí, “Bhí tusa ar dhuine de lucht leanúna an fhir úd as Nasair, an tÍosa úd.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d' fhéach sí go géar air agus dúirt leis: «Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus nuair a chonaic sí Peadar dá théamh féin, dʼfhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Nazairéanach.”