Mark 14:70 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do shéan seisean a rís. Agus fá cheann beagáin na dhíaghsin, a rís a dubhradar an mhuinntir do bhí na seasamh a láthair ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd thusa: óir is Galiléach thú, agus is cosmhail hurlabhra ríu.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do shéan seisean arís. Agus tar éis tamaill bhig eile, adubhairt an mhuinntear do bhí ’n‐a seasamh ann le Peadar, Gan amhras is duine aca‐súd thusa, mar is Galiléach thú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach shéan sé an dara huair é. Agus tamall beag eile ina dhiaidh sin, dúirt an dream a bhí ina seasamh thart le Peadar, “Níl amhras ar bith ann ná gur duine acu tú; mar is Galailéach tú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: «Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach thú ar ndóigh.”