Mark 14:72 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghoir an coileach an dara húair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an fhocal a dubhairt Iósa ris, Ní is táosga na ghoirfeas an coileach fá dhó, séanfuidh tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiththáoibh dhó, do ghuil sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do ghlaodh an coileach an dara h‐uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adhubhairt Íosa leis, Sara nglaodhfaidh an coileach dhá uair, séanfair mé fá thrí. Agus ag cuimhniú air dhó, do bhris a ghol air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ba san nóiméad sin a ghlaoigh an coileach an dara huair. Agus chuimhnigh Peadar ar a ndúirt Íosa leis, “Sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” Agus bhris an gol air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: «Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.» Agus bhris an gol air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air.