Mark 14:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deirimsi ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhain uile an a ndéantar an soisgeulsa do sheanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar chuimhne uirrthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adeirim libh go fírinneach, Cibé áit ar fud an domhain uile ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníomh atá déanta ag an mnaoi seo, mar chuimhne uirthi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus deirim libh i bhfírinne, níl áit a mbeidh an soiscéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain uile, nach n‑inseofar a bhfuil déanta aici le cuimhne a choinneáil uirthi.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”