Mark 15:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go moch ar maidin ar ndéanamh comhairle dhóibh rugadar na hárdsagairt maile ris na sinnsearaibh agus ris na sgríobuidhibh agus ris an gcomhairle uile, Iósa ceangailte léo, agus tugadar do Phioláit é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus go moch ar maidin, do chuaidh uachtaráin na sagart i ndáil cómhairle leis na seanóiribh, agus leis na scríobhaidhthibh agus leis an gcómhairle iomláin, agus do cheangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus thugadar do Phíoláid é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus le bánú na maidine chuaigh na hardsagairt agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus na comhairleoirí uile leo, i ndáil chomhairle: agus cheangail siad Íosa agus thug siad ar shiúl é agus thug siad ar láimh do Phíoláid é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe–an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phíoláit.