Mark 15:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghlúaisiodar uachdaráin na sagárt an pobal, do chum go madh táosga sgáoilfeadh sé Barabbás chuca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do spreag uachtaráin na sagart an pobal go n‐iarrfaidís air Barabbas do scaoileadh saor chuca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ghríosaigh na hardsagairt an slua go n‑iarrfaidís air Barabas a scaoileadh chucu ina ionad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu.