Mark 15:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt Píoláid ríu, Créd é an tolc do rinne sé? agus is moide do gháireadarsan sin, Croch é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Píoláid leo, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht ba dhéine do liúghadar, Céas é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Pioláit leo: «Ach, cén t-olc a rinne sé?» Ach is ea ba mhó a scread siad: «Céas é!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Píoláit leo: “Ach, cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”