Mark 15:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus rugadar na saighdíuiridh a sdeach don halla é, éadhon go cúirt an úachdaráin; agus do ghoireadar an chuidéachda uile a bhfochair a chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do rug na saighdiúirí leo é isteach sa gcúirt, is é sin cúirt an Pháláis, agus do chruinnigheadar an bhuidhean iomlán.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug na saighdiúirí leo é isteach sa Phálás (is é sin, an Praetorium); agus bhailigh siad an cathlán uile go léir ina thimpeall.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.