Mark 15:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuireadar éadach purpuir uime, agus ag fighe corona spíne dhóibh do chuireadar air í,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuireadar éadaighe corcra air, agus do shníomhadar coróin spíne,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir siad brat corcair-dhearg air mar éadach, agus dʼfhigh coróin de dhealga gur chuir ar a cheann í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.