Mark 15:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhúaileadar é an a cheann lé giolcach, agus do ghabhadar do sheilidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, do rinneadar úmhla dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do bhuaileadar sa gceann é le giolcach, agus do chaitheadar seilí air, agus ag cromadh a nglún dóibh do rinneadar omós dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhuail siad faoin gceann é le giolcach agus chaith seile air, agus shléacht siad dó mar a bheidís ag tabhairt ómóis dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí siad dá bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.