Mark 15:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an téadach purpaír dhe, agus do chuireadar a éaduighe féin uime, agus tugadar a mach é do chum go grochaidís é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí an magadh déanta aca do bhaineadar an chorcair dhe, agus do chuireadar a éadaighe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a chéasadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí ealaín mhagaidh déanta acu de, bhain siad an brat corcair-dhearg de, agus chuir a chuid éadaí féin air arís, agus threoraigh siad amach é lena chéasadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air. Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh.