Mark 15:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chrochadar é, do roinneadar a éaduighe, air dteilgean crannchuir orrtha, créd do thóigfeadh gach neach dhíobh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaighe, ’g‐a gcur ar chrannaibh, d’fhéachain créad do bhéadh ag gach duine aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn féachaint cén ball a bhéarfadh gach duine.