Mark 15:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chrochadar días gaduidheadh na fhochair; fear ar a láimh dheis, agus fear ar a láimh chlí.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chéasadar beirt bhitheamhnach i n‐éinfheacht leis; duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus rinne siad dís ropaire a chéasadh ina chuideachta, duine acu ar a dheis agus duine ar a chlé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé.